EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32017R1369
Ídiú fuinnimh: Creat le haghaidh rialacha maidir le lipéadú
Ídiú fuinnimh: Creat le haghaidh rialacha maidir le lipéadú
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 2017/1369 maidir le lipéadú fuinnimh
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Leagtar amach ann an bonn le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh a lipéadú, ina soláthraítear faisnéis chaighdeánach faoi éifeachtúlacht fuinnimh — chomh maith le hídiú fuinnimh agus acmhainní eile — chun cuidiú le tomhaltóirí cinntí ceannaigh a dhéanamh. Ní chumhdaítear leis táirgí athláimhe, ach amháin más táirgí athláimhe iad a allmhairíodh as lasmuigh de AE nó gur modh iompair iad.
Aisghairtear Treoir 2010/30/AE leis.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cuirfear lipéid ar taispeáint ar gach táirge a bhaineann le fuinneamh ar scálanua, nuashonraithe agus níos soiléire ó A (an scála is éifeachtaí) go dtí G (an scála is lú éifeachtach). Cuirfear an córas in ionad an chórais roimhe sin de lipéid A+++ go G, nach bhfuil chomh éifeachtach mar gheall ar fhorbairt táirgí atá níos tíosaí ar fhuinneamh. Tá ceanglas ann chomh maith maidir le bileog faisnéise faoin táirge.
Déanfaidh an Coimisiún Eorpach lipéid a bhí in úsáid cheana roimh an 1 Lúnasa 2017 a athscálú, i.e. a athchalabrú chun cloí leis an rialachán nua.
Glacann an Coimisiún gníomh tarmligthe ar leith le haghaidh gach grúpa sonrach táirgí chun an rialachán a chomhlíonadh. Bunaítear leis sin ceanglais mhionsonraithe maidir le grúpaí sonracha táirgí i gcás:
Gníomhartha tarmligthe a bhaineann le grúpaí sonracha táirgí, i measc nithe eile:
Is iad seo a leanas freagrachtaí an tsoláthraí agus an déileálaí:
Ní mór do dhéileálaithe, lena n–áirítear déileálaithe ar líne, an lipéad a sholáthraíonn an soláthraí a chur ar taispeáint agus an bileog faisnéis faoin táirge a chur ar fáil do na custaiméirí ag an bpointí díola.
Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí um chlárú táirgí:
Leis an mbunachar sonraí beidh an pobal ábalta féachaint ar lipéid táirgí agus ar bhileoga faisnéise faoi tháirgí, agus mar sin beidh sé níos éasca comparáid a dhéanamh idir éifeachtúlacht fuinnimh fearas tí.
Ceanglaítear leis an rialachán chomh maith ar mhonaróirí tomhaltóirí ar chur ar an eolas má tá an seans ann go bhféadfadh bogearraí nó dochtearraí (bogearraí atá leabaithe i bpíosa crua-earra agus arb iad an comhéadan idir na crua-earraí sin agus an córas oibriúcháin, e.g. ar fhón cliste nó ar ríomhaire) éifeachtúlacht fuinnimh táirge a laghdú. Cuirtear cosc leis ar úsáid “feistí uathmhaolaithe”, lena n–athraítear feidhmíocht táirgí faoi dhálaí tástála.
Faoin 2 Lúnasa 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme an rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 1 Lúnasa 2017, seachas le haghaidh oibleagáidí na soláthraithe i dtaca leis an bunachar sonraí táirgí a bheidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2019.
CÚLRA
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena mbunaítear creat i ndáil le lipéadú fuinnimh lena n–aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lgh. 1-23)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a leagan síos (IO L 285, 31.10.2009, lgh. 10-35)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/125/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: An straitéis Eorpach um shlándáil fuinnimh (COM(2014) 330 críochnaitheach, an 28.5.2014).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta — Creatstraitéis um aontas seasmhach fuinnimh a bhfuil beartas aeráide réamhbhreathnaitheach aige (COM(2015) 80 críochnaitheach, an 25 Feabhra 2015)
Nuashonraithe 27.06.2018